Tugann Tionscadal OURWAY Cuairt ar Chathair na Mart

An tseachtain seo, cuireadh an dara Cruinniú de chuid an Ghrúpa Stiúrtha agus an chéad Cheardlann Théamach Idir-réigiúnach faoi Thionscadal OURWAY ar siúl i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo.

Tagann an tionscadal faoi cholún Comhshaoil agus Éifeachtúlachta Acmhainne Interreg na hEorpa agus dírítear ann ar an oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha a chaomhnú agus a chur chun cinn trí Ghlasbhealaí.

Ghlac comhpháirtithe agus geallsealbhóirí ó Éirinn agus ó áiteanna ar fud na hEorpa páirt san ócáid, agus iad ag taisteal ón Spáinn, ón bPolainn, ón Ungáir, ón bhFrainc agus ón mBulgáir. Bhí ionadaithe ó Chumann Glasbhealaí na hEorpa i láthair freisin.

Thar an ócáid dhá lá, díríodh ar eolas a chomhroinnt ar na dea-chleachtais atá ar bun ar fud na hEorpa. Ar lá 1, bhí na comhpháirtithe agus na geallsealbhóirí ar cuairt in ann blaiseadh a fháil den chomhoibriú agus den chomhordú atá ann i measc na bpríomhghníomhaithe i réimse na nglasbhealaí, agus iad ag cluinstin ó ghnólachtaí atá suite feadh an Ghlasbhealaigh (Dermot Madigan, Bainisteoir Ginearálta ar Óstán Pháirc na Mala Raithní, agus Travis Zeray, Úinéir Clew Bay Bike Hire). Rinne na comhpháirtithe agus na geallsealbhóirí rothaíocht feadh an bhealaigh ón Mala Raithní go Baile Uí Fhiacháin (18 km) ansin, agus iad ag fáil radhairc áille ar Chuan Mó agus ar Chruach Phádraig, mar aon le láithreacha éagsúla is ábhair spéise atá suite feadh an bhealaigh. Thug roinnt comhpháirtithe dúshlán na haimsire freisin agus chuaigh siad ar aghaidh go Cathair na Mart, agus beagnach 30 km san iomlán á gcur isteach acu.

Ar lá 2, bhí deis ag na geallsealbhóirí agus na comhpháirtithe líonrú lena chéile idir láithreoireachtaí ó Chumann Glasbhealaí na hEorpa (Mercedes Muños), ón Roinn Iompair agus Turasóireachta (Derek O’Neill), ó Spórt Éireann (Doug Corrie), ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo (Anna Connor), ó Fháilte Éireann (Fionnán Nestor) agus ónár rannóg pleanála réigiúnaí féin i dTionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair (Conall McGettigan).

D’éirigh leis an gCeardlann Théamach Idir-réigiúnach agus fuarthas rannchuidiú ó gach duine a bhí i láthair!

Chun tuilleadh faisnéise agus an t-eolas is deireanaí a fháil ar thionscadal OURWAY, tabhair cuairt ar https://www.interregeurope.eu/ourway/.

Coinnigh súil ar ár n-ardáin mheán sóisialta chun an t-eolas is deireanaí a fháil freisin.

Related Posts