CLÁR PEACE III

D’éirigh le Clár PEACE III 213 tionscadal a sheachadadh (lena n-áirítear Cúnamh Teicniúil) le caiteachas carnach de €329.8m ar fud Thuaisceart Éireann agus Réigiún Teorann na hÉireann. Maoiníodh tionscadail faoi na téamaí seo a leanas; Caidreamh Dearfach a Thógáil ar an Leibhéal Áitiúil; Ag Admháil agus ag Déileáil leis an Aimsir Chaite; Spásanna Poiblí Comhroinnte a Chruthú; agus Príomhchumais Institiúide.

Thug Clár PEACE III €333m ar aghaidh go leor de na príomhghnéithe de na Cláir PEACE I (1995-1999) agus PEACE II (2000-2006), ach le béim athnuaite ar an athmhuintearas.

Chun tuilleadh a fháil amach faoi PEACE III íoslódáil cóip dá doiciméad Clár Oibriúcháin anseo. D’fhormheas an Coimisiún Eorpach Tuarascáil Chríochnaithe do Chlár PEACE III (agus an páipéar Iarscríbhinne a bhaineann leis) i Meán Fómhair 2017 agus tá sí ar fáil anseo.

I measc an limistéir incháilithe do PEACE III bhí Tuaisceart Éireann agus Réigiún Teorann na hÉireann (lena n-áirítear Contaetha Lú, Muineachán, an Cabhán, Liatroim, Sligeach agus Dún na nGall).

Forbraíodh cur chuige straitéiseach nua chun an tionchar is mó a bhaint amach ón maoiniú atá ar fáil ó Chlár PEACE III. Chruthaigh Comhairlí Áitiúla i dTuaisceart Éireann iad féin in ocht gcnuasach agus bhí páirt níos straitéisí acu i seachadadh an Chláir. Bhí an ról céanna ag na sé Chomhairle Contae i Réigiún Teorann na hÉireann. Agus iad ag obair i gcomhpháirtíocht le pobail, d’fhorbair siad ‘Pleananna Gníomhaíochta Síochána agus Athmhuintearais’ áitiúla.