Clár d’Fhiontraí Mná atá dírithe ar fhiontraithe mná as Gaillimh, Maigh Eo, Ros Comáin, Sligeach, Liatroim agus Dún na nGall atá sa Chlár EMPOWER. Tá sé mar aidhm ag an gclár seo dul i ngleic le dúshláin faoi leith a chuireann bac ar mhná agus a chuideoidh le gnólachtaí a bhfuil mná i gceannas orthu a chur chun cinn.
Síorfhiontraí atá in Marina Murphy a bhunaigh dhá ghnólacht roimhe seo agus a bhunaigh a bialann féin agus gan í ach 24 bliana d’aois. Nuair a rugadh a hiníon, tháinig smaoineamh chuici agus í ag iarraidh clúidín a linbh óig a athrú taobh amuigh agus gan na héadaí ar fad a bhaint den leanbh. Ba ansin a smaoinigh sí ar veist dhá pháirt a dhéanamh. Ciallaíonn sé seo nach gcaithfidh tú ach an chuid íochtarach den veist (snapaire inscortha) a oscailt agus an chuid uachtarach den veist a fhágáil ina áit agus mar sin bíonn an leanbh deas te teolaí. Ní thiocfadh léi an smaoineamh a chur as a ceann agus ba dhoiligh di a thuiscint an fáth nach raibh sé ar an margadh i láthair na huaire agus mar sin chuaigh sí i mbun taighde air agus shocraigh sí go dtabharfadh sí chuig an margadh é. Níor thuig Marina go bhfuil sé an-difriúil branda do leanbh a bhunú ná seirbhís bialainne a reáchtáil. Is eispéireas go hiomlán nua foghlama é taighde margaidh a dhéanamh, dearaí a chruthú, bheith ag obair le foirne dearaidh, fréamhshamhlacha a dhéanamh, branda a fhorbairt, agus táirge a phaitinniú agus bíonn go leor airgid de dhíth sna céimeanna tosaigh sula mbeidh táirge agat fiú amháin. I ndiaidh an-dua a chaitheamh air, rinneadh an Twosie a lainseáil in Iúil 2019 agus beidh sé ar fáil i Lúnasa 2019 ar líne.
Nuair a fiafraíodh di an dóigh ar chuidigh EMPOWER léi, d’fhreagair Marina “Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm, thug sé muinín agus tacaíocht dom agus chuidigh sé liom iontaoibh a bheith agam as mo ghnólacht féin trí iontaoibh a bheith acu asam. An rud is mó, áfach, a shílimse a fuair mé ón gClár EMPOWER, ná go mbíonn droch lá / seachtain / nó mí ag gach duine, ach tagaimid aniar i gcónaí, agus tugann tú faoi deara é seo gach mí le bean agus gnólacht dhifriúil, agus tugaimid uile lámh chuidithe dá chéile. Bím ag dúil leis an seisiún gach mí.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an Twosie téigh chuig suíomh Gréasáin https://babybossonline.com/