AG DÉANAMH PIZZA LE BEN WILSON

Blossom Ireland

Nuair a dúnadh scoileanna i Márta 2020 mar gheall ar an bpaindéim COVID-19, bhí daoine óga faoi mhíchumas intleachta (ID) agus a dteaghlaigh ag lorg foinsí eile oideachais agus bealaí nuálacha nua chun idirghníomhú go sóisialta.

 

Blossom Ireland – Ben Wilson

Blossom Ireland - Ben Wilson
Rannpháirtí Blossom Ireland Ben Wilson agus a chuid scileanna cócaireachta á dtaispeáint aige

Sheol Blossom Ireland sraith seirbhísí digiteacha do dhaoine óga le ID agus ina measc siúd bhí físeán nua faoin dóigh le pizza a dhéanamh agus rang teagaisc céim ar chéim i gcomhpháirtíocht leis an bpríomhchócaire Richie Wilson as Fire Restaurant i mBaile Átha Cliath agus a mhac Ben (16).

Chinntigh an rang teagaisc cócaireachta sa bhaile go raibh gach duine óg ar fud na hÉireann san áireamh sa nós cócaireachta baile a thit amach le linn na dianghlasála. Arsa Auveen Bell, POF Blossom Ireland: “Bíonn sé deacair ar dhaoine óga a bhfuil ID orthu saol a chaitheamh cosúil le gach duine eile. Léiríonn an chomhpháirtíocht atá againn le Richie agus Ben gur féidir leo an oiread rudaí agus a bpiaraí a bhaint amach ach an timpeallacht cheart agus uirlisí inrochtana acu. “

Neartaítear an rang teagaisc trí acmhainní inrochtana ar líne ar théamaí ar nós pleanáil laethúil, bainistíocht ama, agus an dóigh chun aipeanna teachtaireachta mar WhatsApp a úsáid. Baintear úsáid as teanga shimplí, pictiúir agus siombailí tríd síos chun iad a dhéanamh inrochtana do chách. Spreagtar tuismitheoirí agus caomhnóirí chun páirt a ghlacadh ach bíonn na hóstaigh ag idirghníomhú go díreach leis na daoine óga agus is cur chuige faoi leith é seo. Sheol Blossom ranganna ióga ar Zoom agus cruinnithe Digital Café d’úsáideoirí seirbhíse Blossom.

Tháinig borradh ar ghníomhaíocht ar chainéil ar líne de chuid Blossom sna tacaíochtaí nua, agus tháinig méadú 900% ar thrácht an tsuímh ghréasáin mí i ndiaidh míosa. Is é Blossom an t-aon charthanas in Éirinn a thugann tacaíochtaí den chineál seo do dhaoine óga faoi mhíchumas intleachta agus creideann sé gur chruthaigh an dianghlasáil a chumas chun a sheirbhísí a leathnú chuig daoine óga lasmuigh de Bhaile Átha Cliath trí chainéil ar líne sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn.

Tá na hacmhainní go léir ar fáil saor in aisce ar líne: https://blossomireland.ie/blog/

 

 

 

Read More Case Studies