BOO DHÚN NA nGALL: TÁTHAIRÍ BAN CHUN RATHA

Oiliúint Scileanna Faoi Leith

Three welders at work
Danielle Burns, Sarah Louise McGinty & Dominie McDyer

D’fháiltigh Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (SBO) BOO Dhún na nGall triúr mac léinn ban ar a gcúrsa Táthú Bunúsach i nGaoth Dobhair i ngeimhreadh 2019/2020. Tá sé seo ar an líon is mó ban a bhí ag an ionad riamh ar chúrsa táthúcháin agus céim dhearfach sa treo ceart. Thug an cohórt reatha faoin gcúrsa seo ar chúiseanna praiticiúla.

Thosaigh Danielle Burns ar an táthú chun scileanna úsáideacha a fháil dá cuid oibre mar thaibheoir sorcais mar theastaigh uaithi a cuid fearais féin a dhéanamh chun caithimh dóiteáin a dhéanamh.

“Thit mé i ngrá leis an táthú,” arsa Danielle. “Is scil úsáideach do dhuine ar bith é. Go háirithe do mhná, is ceird iontach é. Tugan sé cumhacht duit ar bhealach. Saothraíonn tú do chuid airgid féin, is féidir leat dul ag taisteal leis agus tugann sé deis duit forbairt agus fás.”

Thaitin an chuid theagmhálach den chúrsa le Danielle toisc go mbíonn na daltaí ag foghlaim faoi na bunrudaí a bhaineann le táthúchán MMA, M.I.G agus T.I.G.

Cúis bhróid do BOO Dhún na nGall go gcruthaíonn sé atmaisféar tacúil do mhná atá i mbun ceirde. D’fhéadfadh go mbeadh an táthú fós ina earnáil faoi cheannas na bhfear, ach tá go leor mná óga ann a bhfuil fonn orthu rian a fhágáil air.

Is í fís Sarah Louise McGinty go mbeidh sí ina meicneoir nó ina táthaire. Is é sin an sprioc atá romham, ach tá a fhios agam ó thaithí nach nglacann daoine i ndáiríre thú nuair is cailín thú agus gur mhaith leat bheith i do mheicneoir. Thosaigh mé leis an táthú chun mo chuid spéise sa mheicnic a léiriú. Is breá liomé agus i gcúl m’intinne tá mé ag smaoineamh ar fhanacht leis an táthú.”

Chonaic Sarah Louise an luach riamh le ceirdeanna toisc gur meicneoir é a hathair. In ainneoin go raibh sí ag iarraidh dul isteach san earnáil ó aois óg, ní bhfuair sí an spreagadh a bhí de dhíth uirthi go luath, “Nuair a bhí mé ar scoil mhol mo mhúinteoir gairmoideachais gan dul leis an meicnic, ag rá go dtiocfadh liom áilleacht a dhéanamh, ach níl go leor cailíní ann á dhéanamh seo agus déarfainn le daoine eile atá ag smaoineamh air tabhairt faoi, ”a dúirt sí.

Deir Dominie McDyer gur bhreá léi an cúrsa táthúcháin seo a dhéanamh blianta ó shin. Gabha óir agus airgid cáilithe atá inti gur oibrigh sí ar sheodra a dheisiú sular lorg sí athrú. Ní raibh post aici nuair a rinne sí cinneadh ‘mura ndéanaim anois é, ní dhéanfaidh mé go brách é’ agus lean sí ar aghaidh leis an innealtóireacht agus obair mhiotail níos mó. Is doiligh scil an táthaithe a fhoghlaim, arse Dominie. “Níl sé furasta, glacann sé go leor obair chrua, ach déantar é a theagasc go sármhaith anseo i dtimpeallacht an-réchúiseach agus éasca. Déantar gach duine a fhorbairt ar a leibhéal féin. Is é seo an teagasc is mó a fuair mé riamh ar chúrsa ar bith,” a dúirt sí.

Tá an cúrsa dírithe ar na scileanna agus na teastais sábháilteachta a bhíonn de dhíth ionas gur féidir le daltaí tosú amach i dtionscal an táthúcháín. Déanann daltaí trí lá de thaithí oibre chun an cúrsa a chríochnú agus bíonn dóchas ag cuid mhór acu conarthaí oibre a fháil ina dhiaidh.

“Tá suim ag a lán againn dul níos faide nó dul ar an gcúrsa Táthúchán Idirmheánach i Leitir Ceanainn,” a dúirt Dominie.

Is é an rud a mheallann Dominie chuig an táthúchán ná na deiseanna móra oibre atá ann sa tionscal. Cuireann Dominie in iúl go bhfuil dhá cheann de na cáilíochtaí is tábhachtaí ag mná, de réir nádúir, chun a bheith ina táthaire maith – lámh shocair agus foighne. Bhris mná na baic le linn an chogaidh nuair a bhí gá leo i monarchana chun tacú leis an iarracht chogaidh.

“Tá feachtas mór earcaíochta ar siúl faoi láthair i Meiriceá le haghaidh táthairí ban. Is é 55 meánaois táthaire i Meiriceá agus le go leor de na fir sin réidh le dul ar scor, beidh ganntanas mór scileanna ann. Déarfainn go mbeadh sé mar a gcéanna anseo,” a dúirt Dominie. “Faigheann tú amach anois go dtagann daoine a bhfuil céimeanna acu ar ais agus an cheird a fhoghlaim.”

Thaispeáin eispéiris Danielle féin nach bealach cinnte chun post a fháil í céim. Rinne sí staidéar ar an Antraipeolaíocht i Maigh Nuad ach fuair sí amach go luath go bhfuair sí níos mó oibre óna scileanna sorcais. “Tá go leor deiseanna ann maidir leis an táthú. Tá táthairí de dhíth i ngach tionscal i ndáiríre, is féidir leat dul isteach i gclóis loinge, bia, talmhaíocht, meicnic ghluaisteáin, aeraspáis agus tá an oiread sin deiseanna ann taisteal.”

B’fhéidir go mbeadh iontas ar dhaoine fós faoi mhná a roghnaíonn an táthú, ach dúirt Danielle gur freagairt dhearfach a fuair sí i gcónaí agus go bhfuil súil aici go leanfaidh níos mó ban an bealach seo.

Soláthraíonn Seirbhís Bhreisoideachais de chuid BOO Dhún na nGall cúrsaí táthaithe píopaí agus códaithe ar leibhéal idirmheánach chomh maith le hoiliúint oibríochtaí innealtóireachta – tá tuilleadh eolais ar fáil ar an aimsitheoir cúrsa ar an suíomh Gréasáin https://www.donegaletb.ie/further-education-training/course-finder/.

 

Read More Case Studies