Is straitéis forbartha pobail cósta é Grúpa Gníomhaíochta um Limistéár Áitiúil Iascaigh (GGLAI) 2014 – 2020 le ciste de €12 milliún ar fáil do 7 bpobal cósta ainmnithe in Éirinn. Is é Bord Iascaigh Mhara (BIM) agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh a dhéanann maoiniú ar GCLAI.
Tá straitéis GCLAI dírithe ar an gcósta a athnuachan agus cleachtais agus scileanna a athnuachadh sna hearnálacha Iascaireachta, Dobharshaothraithe agus Muirí agus é mar phríomhaidhm breisluach a thabhairt do na 7 Réigiún GCLAI.
Féachann an clár GCLAI le pobail áitiúla a bhfuil baint acu le hearnálacha na hiascaireachta agus an dobharshaothraithe a spreagadh agus a chumasú chun an fás inbhuanaithe ina gceantair féin a chur chun cinn.
Áirítear leis na seacht réigiún GCLAI:
Tá sé mar aidhm ag feachtas cumarsáide 2018 tionchar mhaoiniú GCLAI a thaispeáint trí scéal na ndaoine, a bhfuil cónaí orthu i gcuid de na pobail chósta is iargúlta in Éirinn, a bhain leas as an bhfoinse ríthábhachtach infheistíochta seo a insint.
Is féidir teacht ar eolas faoin scéim GCLAI a fháil ar shuíomh Gréasáin tiomnaithe na nGrúpaí Gníomhaíochta Áitiúla Iascaigh.