SCÉAL HELEN: UASOILIÚINT LE BOO CHORCAÍ

Attending an ETB course helped to change Helen Sisk’s life. The ESF+ helps to fund training throughout the 16 Education and Training Boards around Ireland.

 

 

Bhí sé ar cheann de na tosca le gur athraíodh saol Helen Sisk gur fhreastal sí ar chúrsa BOO. Cabhraíonn CSE+ le hoiliúint a mhaoiniú ar fud na 16 Bhord Oideachais agus Oiliúna ar fud na hÉireann.

Tar éis roinnt modúl TF Leibhéal 3 ar an QQI a chríochnú i gColáiste Breisoideachais agus Oiliúna Chorcaí (BOO) – Ionad Dhroichead na Bandan, chonaic mé fógra leathanach Facebook faoina gcúrsa Scileanna Oifige Leibhéal 4 deimhnithe ag an QQI. Fómhar na bliana 2021 a bhí ann. Mheas mé go líonfadh sé seo na bearnaí a bhí sna scileanna oifige agam.  Sea, bhain mé úsáid as pacáistí cuntais éagsúla agus as Excel, ach ní raibh scileanna ar bith agam ó thaobh próiseála focal agus cumarsáide. Bhí mé súil le go gcabhródh an cúrsa seo liom mar bhí an mhuinín agam asam féin imithe go huile is go hiomlán. Ag an bpointe sin, is dóigh liom go bhféadfainn a rá go hionraic gur airigh mé amhail is go raibh mé meirgeach, ó thaobh meoin, coirp agus spioraid. Bhí athrú á lorg agam agus roghnaigh mé an strus a bhaineann le cuntais agus na spriocdhátaí a fhágáil taobh thiar díom, agus an caitheamh aimsire atá agam, Taighde Stair Teaghlaigh, a iompú le bheith mar ghairm bheatha nua agam mar Ghinealóg. D’athraigh an saol go tobann domsa agus fuair mé amach nach raibh aon obair taobh amuigh den bhaile agam.  Ba chosúil gurbh é cúramóir teaghlaigh an t-aon ról amháin a bhí agam. Is fíor go raibh go leor ama agam le smaoineamh agus le pleanáil a dhéanamh, ach bhí sé chomh deacair orm mé féin a spreagadh agus dul ar ais ag obair.  Is amhlaidh go raibh gach ceann de na pleananna a bhí beartaithe agam le fada ag imeacht le sruth agus ag teacht chun deiridh.  Bhí mé caillte agus ní raibh a fhios agam conas an chéad chéim eile a bhí le déanamh a ghlacadh.

 

Is ag an bpointe seo a chonaic mé an fógra ar leathanach Facebook Coláiste BO&O Chorcaí – Ionad Dhroichead na Bandan, agus a rinne mé teagmháil leo. Thosaigh mé ar an gcúrsa Scileanna Oifige Leibhéal 4 i nDroichead na Bandan agus bhain mé taitneamh as a bhí le foghlaim agus as na ranganna.  Bhí mé neirbhíseach agus is é an t-aon rud a bhí á iarraidh agam ná go mbeadh caidreamh maith agam le daoine eile sa rang. Ní raibh gá le himní a bheith orm, áfach, bhí mé 60, agus cé go raibh bearna aoise mhór idir mé agus an chuid is mó díobh, an múinteoir san áireamh, ní raibh sé sin ina fhadhb riamh.  Mhothaigh mé go raibh fáilte mhór curtha romham, agus tacaíocht freisin. Bhí an t-ádh liom mar go ndéantar an cúrsa i Scileanna Oifige Dhroichead na Bandan i gcodanna nó i modúil, nuair a chríochnaíonn tú aonad amháin, tá sé sin curtha siar agat agus is féidir leat bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile. Go gairid tar éis dom an cúrsa a thosú, d’éirigh mé tinn agus bhí orm míonna a ghlacadh as láthair, ach toisc go ndéantar gach modúl ina aonar, bhí mé in ann teacht ar ais agus leanúint ar aghaidh nuair a tháinig feabhas orm.  Ba mhór an chabhair sin dom. Tá an oiread sin á fhoghlaim agam agus táim ag baint an-taitneamh as na réimsí éagsúla go léir atá i gceist.

 

Tá sé ar cheann de na héachtaí móra atá bainte amach agam go bhfuil an oiread sin muiníne agus spreagtha carntha agam i rith an chúrsa seo. D’fhoghlaim mé conas Power Point a úsáid agus mar chuid d’Fhéile um Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil Chorcaí, 2023, thug mé dhá chaint tosaigh ar Stair Teaghlaigh, ceann amháin i Leabharlann Dhroichead na Bandan agus ceann eile i Leabharlann na Linne Duibhe. Leis na scileanna nua agus an muinín nua a bhí agam, bhí mé in ann na rannpháirtithe a chur ar an eolas, le cabhair ó Power Point, maidir leis na céadchéimeanna is gá chun stair do theaghlaigh a rianú ag baint úsáid as foinsí ar líne atá saor in aisce.

 

Ar an gcúrsa Scileanna Oifige, tá roinnt modúl an-difriúil ann agus áirítear modúl socrúcháin oibre mar chuid den chúrsa. Tar éis an socrúcháin oibre a rinne mé in Saile, Ionad Pobail agus Spóirt, Cionn tSáile, bhunaigh mé Mol Stair Teaghlaigh, maidin amháin sa tseachtain in Saile, Cionn tSáile. Seo áit is féidir le haon duine atá ag lorg cabhair chun taighde a dhéanamh ar stair a dteaghlaigh féin.  Sin an tús a bhí ag teastáil uaim agus is céim ollmhór é san aistear agam mar ghinealálaí. Is é Coláiste BO&O Chorcaí, agus an fhoireann iontach atá ann i nDroichead na Bandan, a chuir mé ar an aistear chuig gairm nua.

 

Is féidir tuilleadh eolais faoi Choláiste BO&O Chorcaí a fháil anseo:

 

Baile – Coláiste BO&O Chorcaí (corketb.ie)

 

Má tá tú ag smaoineamh ar bhreisoideachas agus oiliúint, is féidir teacht ar eolas faoi na 16 Bhord Oideachais agus Oiliúna trí cliceáil ar na naisc seo a leanas:

 

 

Home – Cork College of FET (corketb.ie)

Má tá tú ag smaoineamh ar bhreisoideachas agus oiliúint, is féidir teacht ar eolas faoi na 16 Bhord Oideachais agus Oiliúna trí cliceáil ar na naisc seo a leanas:

Eolas Faoi BOOanna – BOO na Éireann

Eolaire BOOanna – BOO na Éireann