Cúrsa Oiliúna um Theicnící Saotharlainne i mBord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin (BOOCM).
Is iar-oiliúnaí é Christopher Amegah a rinne staidéar ar an gCúrsa Oiliúina Saotharlainne in Institiúid Mhuineacháin in 2018. I mí an Mheithimh 2019 d’éirigh le Christopher fostaíocht a fháil le Monaghan Mushroom.
Forbraíodh an Cúrsa Oiliúna seo tar éis an Próifíl Scileanna Saothair ar an gcúrsa oiliúna gairme atá beartaithe do Theicneoirí Saotharlainne do chríochnú.
D’fhreagair BOOCM d’Easnamh Scileanna arna aithint laistigh den earnáil seo agus d’fhás i ngairmeacha na dteicneoirí saotharlainne. Ba é cuspóir an chúrsa oiliúna ná oiliúint a chur ar dhaoine aonair chun freastal ar riachtanais foirne na gcuideachtaí is páirteach.
Mar chuid de struchtúr an chláir bhí 17 seachtaine d’fhoghlaim rangbhunaithe in Institiúid Mhuineacháin agus 12 sheachtain d’fhoghlaim obairbhunaithe le roinnt fostóirí éagsúla i Muineachán agus sa Chabhán.
Chuir BOOCM agallamh ar iar-oiliúnaí trí bliana ina dhiaidh sin tar éis dó an Cúrsa Oiliúna le BOOCM a chríochnú.
“Is sa tréimhse sin den saol tar éis dom aistriú go hÉirinn ó Ghána atá na codanna den saol is ansa liom caite agam. In 2019 chuir mé isteach ar an gCúrsa Oiliúna, d’fhreastail mé ar an Lá Oscailte agus chríochnaigh mé triail inniúlachta mar chuid den phróiseas earcaíochta. Tugadh cuireadh dom agallamh a dhéanamh agus fuarthas tairiscint ar áit ar an gcúrsa. Coicís tar éis don choláiste a thosú, fuair mé mo chead oibre agus chuaigh mé díreach chuig an scoil – bhí mé cíocrach chun tosú. Bhí Aileen (Teagascóir an Chúrsa) agus an chuid eile den rang chomh chuidiúil sin an chéad lá. Anois, táim ag obair mar theicneoir le Mbio. Airímse amhail is go bhfíoraíodh mo bhrionglóid dom.”