Le Chéile Mentoring

Is seirbhís náisiúnta deontach meantóireachta agus tacaíochta teaghlaigh é Le Chéile Mentoring atá cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus Ciste Sóisialta na hEorpa agus a oibríonn le daoine óga agus a dteaghlaigh, i gcás go bhfuil an duine óg páirteach i gcion nó i mbaol ciontú.

 

In Le Chéile déantar oibrithe deonacha ó phobail áitiúla a earcú, agus cuirtear oiliúint agus tacaíocht ar fáil dóibh le bheith ina meantóirí. Feidhmíonn meantóirí mar dhea-shamplaí agus soláthraíonn siad caidreamh tacúil do dhaoine óga agus dá dtuismitheoirí.

 

Cuireadh ceisteanna ar mheantóirí deonacha ó gach cearn den tír faoi céard atá i gceist le bheith i do mheantóir le Le Chéile Mentoring agus faoi cad atá i gceist leis dóibhsean féin. Seo an freagra a thug siad.

Read More Case Studies