Bhí an seal a chaith mé le hÓgtheagmháil ar na heispéiris is fearr i mo shaol. Murach gur fhreastail mé air, ní bheinn san áit a bhfuil mé inniu agus, dá bhrí sin, tá mé an-bhuíoch. Sular fhreastail mé air ní raibh tuairim dá laghad agam cad é a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh i ndiaidh dom an scoil a fhágáil toisc nach raibh dúil riamh agam sa scoil. Ón chéad lá a chaith mé le hÓgtheagmháil bhí a fhios agam go raibh sé go hiomlán difriúil. Léiríonn na múinteoirí i bhfad níos mó measa do mhic léinn agus caitheann siad leat mar dhuine aonair, ní mar uimhir.
Den chéad uair i mo shaol, bhí mé sásta éirí ar maidin agus dul ar scoil agus bhí mé muiníneach sna rudaí a bhí ar bun agam agus faoin áit a raibh mé ag dul sa saol. Chothaigh an fhoireann atá ann anois agus a bhíodh ann gur baile a bhí ann agus chaith siad linn go cothrom. A bhuí leis an bhfoireann agus leis an gclár meantóireachta d’aimsigh mé cúrsa a raibh mé ag iarraidh dul ar ais leis ar an gcoláiste agus chuidigh siad liom tuilleadh eolais a fháil agus an dóigh chun iarratas a dhéanamh a fháil amach.
Ar dtús, bhí mé rud beag in amhras mar gheall ar riachtanais an chúrsa agus mheas mé nach bhféadfainnse na pointí a bhí ag teastáil a fháil, ach mhol siad dom iarracht a dhéanamh gur chuir ranganna breise ar bun chun tacú liom agus an deis is fearr a thabhairt dom an sprioc a bhaint amach. Nuair a fuair mé mo chuid torthaí, d’éirigh liom níos mó ná na pointí a bhí ag teastáil a fháil agus d’éirigh liom mo chéad rogha a fháil – Innealtóireacht Leictreonach in Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh.
Ar dtús, nuair a chláraigh mé, shíl mé go raibh sé ródheacair agus ní raibh sé i gceist agam fanacht ann toisc go raibh cuid den ábhar ródheacair agus gur shíl mé go raibh daoine eile i bhfad níos eolaí ná mé. D’fhoghlaim mé, áfach, ceacht iontach ó Ógtheagmháil, gan eagla a bheith orm triail a bhaint as rudaí ná teip, agus lean mé ar aghaidh. Chun iarracht a dhéanamh cuidiú a fháil chun tuiscint a fháil ar chuid den Mhatamaitic atá i gceist leis an gcúrsa d’iarr mé cuidiú ar léachtóir agus threoraigh sé mé chuig Aonad Tacaíochta an Fhoghlaimeora áit a bhfuair mé cuidiú riachtanach. Mhol sé dom freisin go ndéanfainn iarratas ar an gClár Ceannairí a thairgeann scoláireachtaí do roinnt mac léinn agus a thacaíonn leo agus iad ar an gcoláiste. Ábhar iontais dom a bhí ann gur bronnadh an scoláireacht seo orm agus bhí gliondar orm gur chuir Ógtheagmháil duine de na múinteoirí s’acu chuig an searmannas.
Dá mba rud é nár fhreastail mé ar Ógtheagmháil riamh agus gur bhuail mé le gach duine a rinne eispéireas athraitheach oideachasúil dom, tá a fhios agam nach mbeifí in ann gach a bhfuil curtha i gcrích agam go dtí seo. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leo agus tabharfar aitheantas cuí dóibh nuair a éiríonn liom sa todhchaí, go raibh maith agaibh.