Cúrsa Oiliúa Cúram Sóisialta Agus Pobail

Renata Wacyra

Mo thuras ó Fhaic go Laoch sa Líne Thosaigh le hIonad Oiliúna Thamhlachta

Renata Wacyram in St James Hospital
Renata Wacyra

I mí Feabhra 2019, rinne mé cinneadh mo shaol a athrú ó bhun go barr. Bhí mé ag obair le 13 bliana anuas in áit nach raibh ardú céime mar rogha agam. Toisc nach raibh aon deis agam dul chun cinn a dhéanamh, rinne mé cinneadh éirí as mo phost. Bhí mé ag iarraidh a bheith i m’oibrí cúram sláinte; ach, le mo chúlra sa gheilleagar, shíl mé go raibh sé ró-mhall mo ghairm bheatha a athrú. Nuair a chuala mé faoin gclár Oiliúna Cúraim Shóisialaigh agus Pobail atá á reáchtáil in Ionad Oiliúna Thamhlachta (IOT), rinne mé cinneadh iarratas a dhéanamh. Bhí áthas orm gur glacadh liom.

Bhí amhras an domhain orm ach níorbh fhada gur thuig mé go raibh mé san áit cheart nuair a bhuail mé le mo chomhghleacaithe ranga agus le mo theagascóirí. Ba é an rud ba mhó a chuir imní orm ná tascanna a chur isteach i dteanga iasachta. Tharla sé nach raibh bunús ar bith leis an imní toisc go raibh gach duine ar bhuail mé leo ar an gcúrsa seo an-chuidiúil. Thosaigh mé ar an gcúrsa i mí Iúíl 2019 agus chuir sé cor i mo chinniúint. Ní amháin gur tháinig athrú ar mo shaol mar gheall ar an gcúrsa seo ach tá mé níos fearr mar dhuine anois dá bharr. Tá mé níos muiníní mar dhuine agus creidim ionam féin, tréithe a shíl mé nach dtiocfadh athrú orthu choíche. Ní amháin gur theagasc sé dom an dóigh chun ullmhú do mo ról nua mar Chúntóir Cúraim Sláinte ach léirigh sé dom freisin an dóigh chun mé féin a fheabhsú. Gairmithe an-tiomanta a bhí i mo theagascóirí agus theagasc siad dom gach a raibh ar eolas agam chun mo shocrúchán oibre a thosú in Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath.

Nuair a cuireadh srianta COVID-19 i bhfeidhm den chéad uair ní raibh ach modúl amháin fágtha agam le déanamh. Athrú mór a bhí ann dúinn go léir agus b’éigean dúinn tosú ag foghlaim go cianda toisc gurbh éigean d’Ionad Oiliúna Thamhlachta dúnadh go dtí go dtabharfaí fógra breise. An tráth sin, shíl mé nach bhféadfainn na tascanna go léir a chur i gcrích gan teagasc bunaithe sa rang; níorbh fhada go ndeachaigh mo theagascóirí i dtaithí ar an teagasc ar líne áfach. Ar dtús, bhí sé deacair dul i dtaithí ar theagasc ar líne ach le tacaíocht agus treoir ónár dteagascóirí, d’éirigh muid cleacthaithe leis.

Lean mé ar aghaidh le mo thaithí oibre san otharlann nuair a thosaigh mé ar ais i nDeireadh Fómhair. Ón gcéad lá bhí a fhios agam gurb í seo an áit ar mhaith liom a bheith agus gurb é seo an saol a bhí i ndán dom. Bhí mé mar chuid den bharda Príobháideach 1, aonad ina dtugtar aire d’othair a bhfuil ailsí agus riochtaí sláinte ginearálta orthu. Chaith mé m’éide go bródúil agus fiú amháin i ndiaidh lá tuirsiúil bhí mé fós ag miongháire liom féin, agus fios agam go ndearna mé saol duine rud beag níos éasca inniu. Ba dhaoine iontacha iad agus mhothaigh mé cosúil leo.

Ag tús mo shocrúcháin oibre, bhí mé in ainm is a bheith ag leanúint duine de na Cúntóirí Cúraim Sláinte eile chun na rialacha agus na freagrachtaí a fhoghlaim; i dtimpeallacht chomh gnóthach sin, áfach, bhí orm obair as maol mo chonláin féin agus thosaigh mé ag obair liom féin go han-ghasta. I measc na ndualgas a bhí orm, bhí orm a bheith ag obair le hothair agus tacaíocht a thabhairt dá gcuid riachtanas laethúla. Bhí mé mar nasc idir othair agus banaltraí.  Thosaigh mé ag cur na rudaí a d’fhoghlaim mé in Ionad Oiliúna Thamhlachta i bhfeidhm – cloí go docht le sláinte agus sábháilteacht, cosc ​​agus rialú ionfhabhtaithe, rúndacht – bhí mé cleachtaithe leo agus bhí mé an-sásta liom féin.

Nuair a tháinig ráig COVID-19, cuireadh rialach nua i bhfeidhm san otharlann. Mar aon leis na moltaí ó FSS, bhí orainn córas a chruthú a bhí sábháilte do gach duine thart orainn. Agus an fhoireann ar fad cosúil le spásairí gléasta sa trealamh TCP bhí sé deacair ar ár n-othar aghaidheanna coitianta a aithint. Bhí sé doiligh – ní raibh muid in ann am fiúntach a chaitheamh leis na hothair ar an dóigh a mbímis roimh an bpaindéim. Rinne muid cumarsáid ar an nguthán ionas nach scaipfí an víreas. Ní raibh cead ag cuairteoirí teacht isteach san otharlann – bhí orainn aire a thabhairt dár n-othair ó chianda. Bhí eagla ar gach duine roimh an víreas bealach amháin nó bealach eile. Bhí beagnach leathchuid den fhoireann ar mo bharda ar coraintín nó ag féinleithlisiú ag pointe amháin. Bhí daoine ag fanacht ar thorthaí maipíneachta. Bhí créachta ag teacht ar ár lámha toisc go raibh muid á ní le halcól agus á gcuimilit i gcónaí. Tháinig athrú ar ár sosanna; ní fhéadfaimis béile a bheith againn le chéile a thuilleadh – ní raibh rogha againn bualadh le duine le haghaidh lóin. Am thar a bheith deacair do gach duine a bhí ann. Bhí an t-ádh orm a bheith in ann leanúint ar aghaidh le mo shocrúchán oibre tríd an ngéibheann seo, ach d’fhoghlaim mé an oiread sin go gasta. Mar thoradh ar mo shocrúchán oibre, tairgeadh post dom.

Tá mé iontach sásta go deo gur shocraigh mé iarratas a dhéanamh ar an gcúrsa seo anuraidh. Is féidir liom a rá go hionraic má tá tú ag lorg gairme fiúntach a athróidh do shaol go deo, déan iarratas ar an Oiliúint Cúraim Shóisialta agus Pobail in Ionad Oiliúna Thamhlachta. Agus mé i mbun staidéir, bhuail mé le daoine iontacha a thaispeáín dom gur féidir liom rud ar bith a dhéanamh má bhím sásta iarracht a dhéanamh. Gan an cúrsa seo ná an socrúchán oibre a dhéanamh, ní bheadh an post seo, arb é mian mo chroí é, agam.

 

Read More Case Studies