Tairgeann tionscnamh uasoiliúna Springboard+ san ardoideachas cúrsaí saor in aisce ar leibhéal an teastais, na fochéime agus na céime máistreachta, rud is cúis le cáilíochtaí i réimsí a bhfuil deiseanna fostaíochta iontu sa gheilleagar. Tá clár Springboard+ á chomhchistiú ag Rialtas na hÉireann agus ag Ciste Sóisialta na hEorpa.
Tá Professional Accountancy Training (PAT) agus ACCA ag obair i gcomhar chun an Dioplóma i gCuntasaíocht agus Gnó ar leibhéal 6 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí a sholáthar mar chuid de chlár Springboard+.
Soláthraíodh Dioplóma ACCA i gCuntasaíocht agus Gnó in dhá mhodh foghlama, mar atá:
Tá PAT ina chomhpháirtí foghlama ceadaithe órchaighdeáin de chuid ACCA a bhfuil aitheantas creidiúnaithe aige. Ní dhámhtar Órstádas ACCA ach do na hinstitiúidí sin atá in ann tacar an-dúshlánach caighdeán feidhmíochta a chomhlíonadh agus is aitheantas foirmiúil é don saineolas atá ag PAT ar an gclár seo a fhorbairt agus a sholáthar.
Professional Accountancy Training: Scéal Lisa
Mar mhac léinn lánfhásta, bíonn sé doiligh in amanna filleadh ar an oideachas. Thosaigh mé m’fhilleadh ach iarratas a dhéanamh ar chlár Springboard chun tabhairt faoi Dhioplóma ACCA i gCuntasaíocht agus Gnó trí PAT. Ní raibh aon ghá leis an imní a bhí orm toisc gur den chéad scoth a bhí an tacaíocht agus an spreagadh a fuair mé ó gach duine de na léachtóirí i ngach ceann de mhodúil an chúrsa. Chuir siad dearcadh ‘is féidir leat é a dhéanamh agus is cinnte go ndéanfaidh tú é’ isteach ionam, rud a bhrúigh i dtreo ratha mé. Bhí na léachtóirí ar fáil i gcónaí chun tacaíocht agus comhairle a sholáthar. Fuarthas nathanna cainte spreagúla ar fud an chúrsa chun spreagadh agus muinín a thabhairt dom, rud a bhrúigh chun cinn mé. Is duine fíor-inspioráideach é Gerry. Níor tháinig mé riamh ar dhuine atá chomh díograiseach agus chomh paiseanta sin. Is rud iontach é. Ní bheadh drogall ar bith orm PAT a mholadh d’aon duine atá ar lorg soláthraí oideachais.
Mar thoradh ar an gcúrsa, tugadh an mhuinín dom tuilleadh léinn a shaothrú trí PAT. Is é Dioplóma ACCA i gCuntasaíocht agus Gnó an chéad chéim atá tógtha agam ar mhaithe le dul chun cinn gairme. Sular thosaigh mé an léann, bhí mé den tuairim go raibh mé ag tiomáint síos sráid aontreo i mo ghairm. Anois, is féidir liom tiontú ar chlé nó ar dheis!