Scéal Svetlana

Cultúr: Clár JUMP

Is é is Clár JUMP ann ná clár tacaíochta agus oiliúna saor in aisce a forbraíodh chun feabhas a chur ar eolas, scileanna agus taithí na n-imirceach atá ina gcónaí i gContae na Mí ar mhaithe le rochtain níos fearr ar thacaí fostaíochta agus oiliúna a éascú.  Tá sé mar aidhm leis an gClár obair i gcomhpháirt leis an Roinn Coimirce Sóisialaí, le Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí, le Comhairle Contae na Mí, le gníomhaireachtaí agus le gnóthais áitiúla chun scéim socrúchán oibre a reáchtáil lena gcuirfear feabhas ar dheiseanna fostaíochta d’imircigh atá dífhostaithe agus dóibh sin atá ag déileáil le bacainní eile fostaíochta.

 

Scéal Svetlana

Svetlana Litvinskiene, JUMP participant standing between two giant oscar statues
Svetlana Litvinskiene

Svetlana Litvinskiene is ainm dom agus is as an Liotuáin dom. Táim i mo chónaí in Éirinn le hocht mbliana anuas.

Sular ghlac mé páirt sa chlár Cambridge English in Cultúr, bhí mé neirbhíseach faoi Bhéarla a labhairt. Ba ghnách liom an t-aon abairt amháin a rá arís is arís eile. Bhíodh eagla orm aon fhocail a rá, mo bhéal a oscailt agus meancóg a dhéanamh. Ba ghnách liom seasamh sa chúinne chun aon cheisteanna nó aon chomhráite a sheachaint.

Is amhlaidh anois go labhraím Béarla ar leibhéal an tosaitheora. Ní labhraím é ach go hannamh i mo shaol laethúil, áfach. Oibrím mar choimeádaí tí in óstán mór agus caithim an chuid is mó den lá le Polannaigh agus le Liotuánaigh. Agus mé sa bhaile agus le mo chairde, labhraím Liotuáinis den chuid is mó.

D’fhreastail mé ar ranganna Béarla san Uaimh dhá uair sa tseachtain toisc go raibh mé ag iarraidh go mór mo chuid Béarla a fheabhsú. Bhí sé mar bhrionglóid agam post nua a fháil ach b’eol dom nach bhfuil leibhéal mo chuid Béarla ard go leor. Bhí mé ag iarraidh taitneamh a bhaint as mo shaol agus éirí níos láidre agus níos muiníní agus mé ag labhairt Béarla.

Ba é an cinneadh a rinne mé tabhairt faoi na cúrsaí Cambridge English an cinneadh ab fhearr. Táim beagáinín neirbhíseach fós ach níl eagla orm labhairt a thuilleadh. D’fhoghlaim mé roinnt straitéisí agus is eol dom gur féidir liom é a dhéanamh céim ar chéim.

Tar éis dom an cúrsa Cambridge English a chur i gcrích, ghlac mé páirt i gcruinnithe agus thug mé láithreoireachtaí agus is amhlaidh anois go mbainim taitneamh as a bheith ag labhairt le daoine eile. Sílim gurb é an rud is tábhachtaí ná nach bhfuilim cotúil a thuilleadh.

 

 

Read More Case Studies