SR Technics

Ar an 12 Feabhra 2009, d’fhógair SR Technics go ndúnfaí a oibríochtaí in Aerfort Bhaile Átha Cliath agus go gcaillfí 1,135 post. Rinneadh iarratas ar bhearta arna maoiniú ag CED ar an 9 Deireadh Fómhair 2009 chun tacú leis na hoibrithe iomarcacha. Ba é €11.4 milliún luach iomlán an iarratais. Ba é € 7.4 milliún ranníocaíocht CED agus tháinig an €4.0 milliún eile ó fhoinsí náisiúnta. Cheadaigh an AE an t-iarratas ar an 8 Nollaig 2010.

Cuireadh raon tacaíochtaí do na hoibrithe iomarcacha ar fáil faoin gclár. Ina measc bhí:

  • cúrsaí oideachais tríú leibhéal bunaithe ar an innealtóireacht atá dírithe go speisialta, lena n-áirítear innealtóireacht aerloingseoireachta, chun tacair scileanna atá ag go leor de na hoibrithe iomarcacha cheana féin a fheabhsú tuilleadh;
  • oiliúint lasmuigh den obair agus ar an láthair oibre a cuireadh ar fáil trí FÁS do phrintísigh mheicniúla / eitlíochta a mbíonn tionchar a bhí buailte ag staid iomarcaíochta SR Technics lena chinntiú go bhféadfaí na printíseachtaí a bhí ann cheana a chríochnú. Áiríodh leis seo scéim nuálach inar cuireadh roinnt printíseach iomarcach leis an Aerchór ag Baile Dhónaill le haghaidh oiliúint ábhartha ar an láthair oibre. Tionscnamh comhoibritheach a bhí anseo idir an tÚdarás Bainistíochta don CED, an Roinn Cosanta, an tAerchór, agus FÁS;
  • seirbhísí gairmthreoracha agus raon tionscnamh oiliúna a sholáthraíonn FÁS;
  • tacaíochtaí breisoideachais a sholáthraíonn na Coistí Gairmoideachais lena n-áirítear clár aistrithe scileanna; agus,
  • tacaíochtaí fiontair/féinfhostaíochta a sholáthraíonn Boird Fiontair Contae agus Cathrach chun cabhrú le hoibrithe iomarcacha ar spéis leo a ngnólachtaí féin a bhunú.

Dhún an clár SR Technics ar an 9 Deireadh Fómhair 2011. Cuireadh figiúirí deiridh ar an gclárchaiteachas iomlán CED san áireamh i dtuarascáil deiridh CED a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ar an 9 Aibreán 2011. Tá tuarascáil dheiridh CED agus tábla ina dtaispeántar na torthaí don mhargadh saothair ar chlár CED leagtha amach thíos: