Talk Talk

Chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna iarratas isteach ar an 29 Feabhra 2012 ar chómhaoiniú AE faoin gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) chun tacú le 592 oibrí a ndeachaigh an iomarcaíocht i bhfeidhm orthu go déanach i 2011 ag an áis ionad glaonna Talk Talk i bPort Láirge agus ag trí fhiontar choimhdeacha  (AA Security Services, Noonan Services Group Ltd. agus Campbell Catering ag trádáil mar Aramark). Cheadaigh an AE an t-iarratas ar an 25 Deireadh Fómhair 2012 agus chuir sé meascán d’oiliúint, oideachas, tacaíocht fiontar agus uasoiliúint ar fáil d’oibrithe incháilithe lena mbaineann.

Lorgaíodh €5.4 milliún san iarratas agus chuir an AE 50% ar fáil ar an 6 Nollaig 2012. Bhí an clár CED ar siúl ó Dheireadh Fómhair 2011 go dtí Feabhra 2014.

Chuir an Sainaonad Comhordaithe CED SOLAS, a d’oibrigh roimhe seo ar chlár CED d’oibrithe iomarcacha Dell agus d’oibrithe Foirgníochta, comhordú ar fáil do sheirbhísí CED d’oibrithe Talk Talk. Bhí oifig ag an aonad, a chomhordaigh tacaíochtaí treoracha i gcomhar le hOifig Seirbhísí Fostaíochta na Roinne Coimirce Sóisialaigh, i gCathair Phort Láirge agus bhí sé ar oscailt le haghaidh atreoruithe siúil isteach. Scríobhadh chuig gach oibrí iomarcach incháilithe ar an 9 Márta 2012 maidir leis na cineálacha seirbhísí atá ar fáil an uair sin.

Áiríodh ar bhearta clár CED a cuireadh ar fáil d’oibrithe incháilithe lena mbaineann 

  • seirbhísí, tacaíochtaí agus comhairle bhreise fostaíochta,
  • cúrsaí oiliúna FÁS agus Coiste Gairmoideachais,
  • Teastas i bhForbairt Gairme agus i bhfeabhsú Scileanna agus Baitsiléir Eolaíochta luathaithe saincheaptha in Eolaíocht Chógaisíochta agus GMP (Dea-Chleachtas Déantúsaíochta) in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge,
  • deontais oiliúna CED chun dul i mbun staidéir i gcoláistí agus eagraíochtaí oiliúna príobháideacha
  • agus tacaíochtaí fiontar trí Bhoird Fiontair Contae agus Cathrach áitiúla.

Ina theannta sin, tugadh isteach den chéad uair ranníocaíocht CED i leith na gcostas a tabhaíodh ag freastal ar chúrsaí agus chuidigh sé le hoibrithe iomarcacha incháilithe cuid de na bunchostais a íoc (e.g. taisteal, cothú agus ábhair chúrsa) chun rochtain a fháil ar threoir, ar chúrsaí oiliúna agus oideachais.

Tá tuairiscí ar chur i bhfeidhm an chláir CED Talk Talk ag deireadh mhí Feabhra, Bealtaine, Lúnasa agus Samhain 2013 agus nuashonrú stádais ar an margadh saothair den chohórt incháilithe ag Márta 2015 (13 mhí tar éis dheireadh an chláir) leagtha amach thíos:

Cuireadh níos mó ná 1,100 idirghabháil ar fáil do thart ar 353 oibrí faoin gclár CED sular tháinig deireadh leis i mí Feabhra 2014. 

Cuireadh figiúirí deiridh ar an gclárchaiteachas iomlán CED san áireamh i dtuarascáil deiridh CED a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ar an 28 Lúnasa 2014. Gheofar cóip den tuarascáil deiridh leagtha amach thíos.