Tá Tionscadal Feabhsúcháin Shráid na hEaglaise i mBaile Átha Luain críochnaithe anois

Cistíodh an tionscadal faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa ar chostas os cionn 4 mhilliún euro agus bhí sé ar cheann amháin de 7 dtionscadal forbartha réigiúnaí inbhuanaithe a cistíodh faoi Chlár Oibriúcháin Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair don tréimhse 2014-2020.

Ba é an aidhm a bhí leis an obair ná croílár limistéar siopadóireachta lárnach Bhaile Átha Luain a athbheochan trí lár baile atá tarraingteach agus bríomhar a chruthú, rud a chuireann le fás leanúnach an bhaile sa todhchaí.

Cumascann an t-eibhear agus an aolchloch ghorm Éireannach, ar ábhair dhúchasacha nádúrtha iad, go haeistéitiúil le foirgnimh oidhreachta Bhaile Átha Luain.

Tá Sráid na hEaglaise ina nasc tábhachtach idir limistéar stairiúil na Sionainne i mBaile Átha Luain, an Chearnóg Chathartha chomhaimseartha agus Ionaid Siopadóireachta Bhaile Bhaile Átha Luain. A bhuí leis an sráid-dreach feabhsaithe, tógtar cuairteoirí trí lár Bhaile Átha Luain agus ar fud Dhroichead stairiúil an Bhaile, a bhfuil Caisleán Bhaile Átha Luain agus Gailearaí Luan ar an taobh thiar de.

Tá Sráid na hEaglaise ainmnithe mar Limistéar Caomhantais Ailtireachta agus cuimsíonn sí raon foirgneamh oidhreachta agus siopaí neamhspleácha. Tar éis na cosáin a leathnú agus coisithe a chumasú gluaiseacht go saor síos an tsráid, is féidir leis an bpobal an t-am a thógáil anois chun taitneamh a bhaint as an limistéar caomhantais sin.

Tá Sráid nuafheabhsaithe na hEaglaise ina spás fáilteach, tarraingteach agus taitneamhach do shiopadóirí, do thurasóirí, do choisithe agus don mhórphobal anois, a fhágann gur féidir leis an limistéar bláthú mar cheantar siopadóireachta, gnó agus sóisialta.

Osclaíodh an tionscadal go hoifigiúil an 12 Aibreán.

 

Related Posts