Mar is léir do Mary Hopkins
Baile beag tuaithe, sráidbhailte tuaithe níos lú thart timpeall air, ina raibh a gcinn cromtha ag daoine agus iad faoi ualach an aonraithe agus ina raibh mná ag maireachtáil lá i ndiaidh lae agus iad ag súil go mbeadh ar a gcumas éirí, lá amháin, iad féin a ghléasadh agus a n-áit a ghlacadh athuair i ndomhain na fostaíochta.
Crochadh póstaer gan choinne. Ceann amháin ar dtús, níos mó agus níos mó ina dhiaidh sin, le cuireadh Gluaiseacht ar Aghaidh! Bhí sé de mhisneach agamsa, agus ag daoine eile ar mo nós, stopadh agus é a léamh. Bhí an chuma air go raibh sé dochreidte, agus é saor in aisce!
An gcáileoidh mé? Ag m’aois? D’fhill mé ar mo charr chun dul abhaile. D’éist mé le Radio Kerry. Bhí agallamh ar bun le Lisa Fingleton agus í ag caint maidir le Gluaiseacht ar Aghaidh. Comhartha ó na Flaithis, a dúirt mé os ard agus stopas chun éisteacht agus chun mo shaol a athrú.
‘Séard a tharla ná turas saoil!
Mary Hopkins
Cuireadh mó chomh-rannpháirtithe agus mé féin ar imeall ár gcompord agus tugadh spreagadh dúinn ansin briseadh amach as na teorainneacha féin-thógtha agus dhíríomar ar na sléibhte.
Ag aon am ar leith, fáiltíodh roimh an ngrúpa ilchineálach seo a bhí idir 20 agus 70 bliain d’aois, ón Nigéir, an India, an Rúis agus Leic Snámha, le raon leathan gnóthachtálacha oideachais, cumas agus míchumas. Glacadh le gach duine acu, cuireadh compord agus tacaíocht ar fáil dóibh de réir mar a tháinig siad amach ó na scáileanna, agus iad ar a dturas chuig Gluaiseacht ar Aghaidh.
Ag an tús, tugadh éisteacht chiúin do gach scéal agus léiríodh meas faoi rún, go slán, ar na scéalta. Do rannpháirtithe nach raibh ar a gcumas, go fóill, a scéal a insint, mhéadaigh an meas a bhí acu ar an éiteas eiticiúil a bhí ann.
Chuidigh na cuir chuige ardsciliúla seo go mór le rannpháirtithe leochaileacha, go háirithe iad siúd a tháinig slán ó cheantair choimhlinte agus iad siúd a bhí ag fulaingt le mí-oird mheabhairshláinte, guth a fháil arís agus, nuair a bhí a nguthanna faighte acu, labhairt amach faoin bpian a bhí á fhulaingt acu.
Rinneadh fiosrúcháin dhiscréideacha maidir leo siúd a bhí as láthair ó na cruinnithe agus bhí fáilte agus glacadh dóibh nuair a d’fhill siad. Bhí deimhniú ann arís dá mbraistint chómhuintearais agus bhí a gceannairí foirne agus a gcomh-rannpháirtithe ag fanacht agus ag tnúth le hiad a bheith ag teacht slán ó na cúrsaí deorúla a bhain leis an saol a bhí acu cheana.
Ba léir spraoi agus saoirse ag teacht chun cinn, de réir mar a bhí tine á athmhúscailt i gcroíthe an chomhluadair ban seo. Léirigh na cuirí a tugadh chun a dturas Srutháin Saoil a roinnt lena chéile, in ainneoin an mhíbhuntáiste a bhí acu faoi láthair, go raibh taithí daonna luachmhar acu agus go raibh siad ag tnúth leis na laethanta níos fearr a bhí le teacht.
Lóchair an dóchais a bhí sna torthaí seo ina ndearnadh an chaochaíl a mhealladh go bog chun solas a dhíriú ar bhealach chun cinn do gach oibrí nua.
Bhí sceitimíní ag baint leis an gcéad agallaimh poist agus, dóibh siúd a bhí ag fanacht, chuidigh an chóitseáil mhaith a tugadh agus ba léir ansin an gliondar croí orthu siúd a ghnóthaigh an áit i saol na fostaíochta lena raibh siad ag tnúth le fada.
D’fhéadfaí a rá go raibh “athrú saoil” ag baint leis na deiseanna a cuireadh ar fáil do rannpháirtithe Gluaiseacht ar Aghaidh i dTrá Lí, idir Teicneolaíocht Ríomhaireachta le hInstitiúid Theicneolaíochta Thrá Lí go clár beo a léiriú ar Radio Kerry agus ghlac na mná seo, a raibh de mhisneach acu brionglóid na fostaíochta a bheith acu, go fonnmhar le gach dúshlán agus thug siad tacaíocht dá chéile chun réalaíochas a chruthú ón mbrionglóid.
Brionglóid eile tugtha chun solais.
Iad siúd is mó atá umhal.
Iad siúd is mó atá cúthail.
Ón dtalann a bhí faoi cheilt i measc ár ngrúpa, chan sí go beo ar aer agus líon Sléibhte Chiarraí le guth rí-bhinn, rí-sholéir agus, de réir mar a tháinig gach duine acu amach as as oifigí Radio Kerry, bhailíomar le chéile tamaillín uaithi agus í go suairc agus sonasach, í ar tí casadh lena céad dáta riamh.
Léireoidh na staitisticí fostaíochta rath an ghrúpa seo.
Insíonn an Scéal taobh thiar den Scéal conas mar a d’éirigh linn.
Go raibh maith agat Lisa Fingleton.
Go raibh maith agat Lisa O’Flaherty.