Cuirtear Tionscadal TRINNO i láthair ag cruinniú AE maidir le bailte agus sráidbhailte a bhíonn ag brú athbheochan tuaithe chun cinn

An 11 Feabhra 2019, thionóil Grúpa na Comhghuaillíochta Eorpaí cruinniú i Maothail, Contae Liatroma (Éire), inar díríodh ar an dóigh a bhféadfaí cabhrú le bailte agus sráidbhailte athbheochan tuaithe a bhrú chun cinn san Aontas Eorpach (AE).

Thionscain an Comhairleoir Enda Stenson, Comhalta de Chomhairle Contae Liatroma, an cruinniú chun na deacrachtaí atá roimh phobail áitiúla – go háirithe pobail tuaithe agus teorann – a thaispeáint do thoscairí ó áiteanna ar fud an Aontais agus chun a chur in iúl go soiléir dóibh gur gá cláir AE a oiriúnú chun gur féidir leis na pobail sin infheistiú i dtionscadail nascachta, i dtionscadail fuinnimh agus i dtionscadail eile lena gcabhrófar leo rath a bhaint amach.

Mar aon le hionadaithe d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hEorpa, áiríodh iad seo a leanas leis na spreagchainteoirí:

Seán Canney TD, an tAire Stáit le freagracht as Gnóthaí Tuaithe agus Acmhainní Nádúrtha, Éire;
Mairi Gougeon MSP, an tAire um Ghnóthaí Tuaithe agus um an Timpeallacht Nádúrtha, Albain;
Marian Harkin, Feisire de Pharlaimint na hEorpa;
David Minton, Stiúrthóir, Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair;
Joe Lowe, Geallsealbhóir de chuid Thionscadal TRINNO;
Gerry Kiely, Ceann ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn.

Féachadh le linn an chruinnithe freisin ar an tábhacht a bhaineann leis an gcomhar idir-réigiúnach ag am ríthábhachtach, agus sinn ag tarraingt ar an spriocdháta don Bhreatimeacht agus ar thoghcháin Pharlaimint na hEorpa. Thug Gina McIntyre, Comhlacht na gClár Speisialta AE, breac-chuntas ar an ról speisialta atá ag an Aontas Eorpach agus ag an gcomhar trasteorann. Pléadh samplaí dea-chleachtais – Tionscadal TRINNO ina measc – agus ghlac na toscairí dearbhú Liatroma, ba é sin: “Cabhrú le bailte agus sráidbhailte athbheochan tuaithe a bhrú chun cinn san Aontas Eorpach”. Is amhlaidh leis an dearbhú sin, i measc nithe eile, go n-iarrtar ar an Aontas Eorpach creat agus treoirlínte nithiúla a sholáthar le haghaidh críocha tuaithe a fhorbairt, go leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann le comhar a mhéadú idir limistéir uirbeacha agus limistéir thuaithe agus go n-iarrtar go leagfaí díriú méadaithe ar thionscadail um chomhar trasteorann agus um chomhar críche agus go soláthrófaí cistiú méadaithe dóibh.

Related Posts