Spreagann cuairt Idirbhliana glúin nua Eolaithe Muirí
Chuir Foras na Mara fáilte roimh dhaltaí Idirbhliana ó Chlochar na Trócaire, Ros Comáin, chuig a cheanncheathrú in Órán Mór, Gaillimh, le déanaí.
Ba é Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair a d’eagraigh an chuairt, ar lena linn a chaith na daltaí súil ar na saoráidí agus a d’fhoghlaim siad faoi na deiseanna gairme atá ann san earnáil mhuirí.
Bhí sé mar aidhm leis an gcuairt ar shaoráidí Fhoras na Mara spreagadh a thabhairt do na daltaí baineanna iniúchadh a dhéanamh ar ábhair in eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic (STEM) agus ar ghairmeacha féideartha sa réimse sin. Labhair roinnt eolaithe baineanna agus baill foirne bhaineanna ó Fhoras na Mara le 30 dalta Idirbhliana faoin obair a dhéanann siad in eolaíocht iascaigh, i gceimic mhuirí, i sonraí agus i mbainistíocht feidhmchlár.
Dúirt an Dr Peter Heffernan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Fhoras na Mara, “Is in eolaíocht agus i dtaighde a oibríonn beagnach 70% de na mná a oibríonn i bhForas na Mara, lena n-áirítear aigéaneolaíocht, éiceachórais iascaigh, róil chomhairleacha, an timpeallacht mhuirí agus sábháilteacht bia.
“Tá sé mar aidhm againn glúin nua gairmithe muirí a spreagadh agus feasacht a chothú ar na gairmeacha éagsúla is féidir a shaothrú san earnáil mhuirí trí staidéar a dhéanamh ar ábhair in eolaíocht, teicneolaíocht agus innealtóireacht. Teastaíonn gairmithe ardcháilithe ardoilte ar fud raon leathan réimsí muirí uainn ionas gur féidir linn leas a bhaint as saibhreas ár n-aigéin agus geilleagar aigéin na hÉireann a fhás go hinbhuanaithe,” a dúirt an Dr Peter Heffernan.
Ghabh Barry Guckian, Oifigeach Cumarsáide Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair, buíochas le Foras na Mara as an lá a éascú, ar lena linn a léiríodh a thábhachtaí atá cistiú ón Aontas Eorpach le haghaidh Taighde Muirí. Mhol sé na daltaí ó Chlochar na Trócaire freisin as a n-iompar, a bhfiosracht agus a rannpháirtíocht.
Ghlac eolaithe agus baill foirne ó Fhoras na Mara leis an deis chun a bpaisean agus a léargas a chur in iúl agus chun a dtaithí a chomhroinnt ar obair a dhéanamh san earnáil mhuirí. Chomhroinn na heolaithe faisnéise faoi BlueFish, ar Tionscadal idir Éire agus an Bhreatain Bheag faoi chlár Interreg an Aontais Eorpaigh é. Tá sé mar aidhm leis an tionscadal eolas agus tuiscint a mhéadú ar acmhainní muirí agus ar na cineálacha tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú aeráide ar éiceachóras Mhuir Éireann agus na Mara Ceiltí. Labhair na daltaí le heolaithe faoi shuirbhéanna léarscáilithe ghrinneall na farraige a rinneadh le déanaí agus faoin iasclann siorcanna an-annamh a aimsíodh i gcríoch aigéin dhomhain na hÉireann (tionscadal SeaRover).
I bplean muirí náisiúnta na hÉireann – Leas a Bhaint as Saibhreas ár nAigéin – tarraingítear aird ar an ngá atá ann le cláir oideachais agus oiliúna a bheith ann chun gairmithe oilte a choinneáil agus a fhorbairt san earnáil mhuirí. Tionscnamh de chuid Phlean Straitéiseach Fhoras na Mara 2018-2022: Eolas Aigéin a Fhorbairt, Seirbhísí Aigéin a Sholáthar is ea glúin nua a spreagadh gairmeacha muirí agus mara a shaothrú. Reáchtálann Foras na Mara clár lánaimseartha taithí oibre aon seachtaine do dhaltaí Idirbhliana gach bliain.