Waterford Crystal

Ar an 5 Eanáir 2009, chuaigh Waterford Wedgwood Ltd., máthairchuideachta Waterford Crystal, faoi ghlacadóireacht. Ina dhiaidh sin ar an 30 Eanáir dúnadh monarcha Waterford Crystal i gCill Bharra, Contae Phort Láirge. Ar an 7 Lúnasa 2009 rinneadh iarratas ar thacaíocht chómhaoinithe CED maidir le 653 oibrí iomarcacha ag Waterford Crystal agus ag trí chuideachta choimhdeacha a bhí ar conradh díreach le Waterford Crystal (i.e., Abbey Electrical, Thomas Fennell Engineering Ltd., agus RPS Group PLC). Cheadaigh an AE an t-iarratas ar an 14 Iúil 2010.

Ba é an caiteachas iomlán a ceadaíodh don chlár beart ná €4.0 milliún; soláthraíodh €2.6 milliún de sin ón CED agus an €1.4 milliún eile ó fhoinsí náisiúnta. Dúnadh an tréimhse incháilithe chun seirbhísí a sholáthar faoin gclár CED ceadaithe ar an 7 Lúnasa 2011.

Cuireadh raon leathan tacaíochtaí cómhaoinithe CED ar fáil do na hoibrithe iomarcacha. Mar shampla:

  • Chuir FÁS cúrsaí treorach gairme agus oiliúna ar fáil, lena n-áirítear tacaíocht fheabhsaithe a sholáthraíonn soláthraithe príobháideacha creidiúnaithe ar conradh le FÁS faoin scéim Deontas Oiliúna CED;
  • Chuir na Coistí Gairmoideachais treoir agus tacaíochtaí oideachais eile ar fáil, lena n-áirítear cúrsa rathúil sa ghairneoireacht chun scileanna praiticiúla nua a thabhairt d’iarshéidirí gloine. I measc na dtacaí oideachais eile bhí an Scéim Deiseanna Oiliúna Gairme, Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta, an Tionscnamh um Fhilleadh ar Oideachas;
  • cuireadh cúrsaí ardoideachais ar fáil trí institiúidí poiblí arna maoiniú ag an Údarás um Ardoideachas; agus,
  • chuir Boird Fiontair Contae agus Cathrach seirbhísí fiontraíochta agus féinfhostaíochta ar fáil lena n-áirítear comhairle ghnó, meantóireacht, agus cúnamh airgeadais agus neamhairgeadais.

Cuireadh figiúirí deiridh ar an gclárchaiteachas iomlán CED san áireamh i dtuarascáil deiridh CED a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ar an 6 Feabhra 2011. Gheofar cóip den tuarascáil deiridh agus tábla ina dtaispeántar na torthaí don mhargadh saothair leagtha amach thíos.